Nuair a d’fhág Hughie é féin an scoil, chuaigh sé go Coláiste Naomh Adamhnán in Leitir Ceanainn agus chaith sé 4 bliana ansin, ní raibh mórán dúil aige ansin. Bhí an cogadh ar siúl san am agus ní raibh bia iontach maith acu. Théadh siad ag cluichí peile agus na pictiúir corr uair mar chaitheamh aimsire. Bhítí iontach crua orthu ansin. Chuaigh sé ó sin go Ollscoil na Gaillimhe ar feadh 2 bhliain. Bhí dúil aige ansin.
Tháinig sé na bhaile ansin agus chaith sé samhradh ar an Chruit ag teagasc. Ní mórán daoine ann san am, bhí moll de na fir ar shiúl in Albain fosta. | 00:03:47 | |